|
XLI. —MAR BHUAINFINN PRÉATAÍ
- RACHAINN amach ar maidin.
- BHÉARFAINN liom spáid (nó rán)
- BHÉARFAINN liom baisgéada agus cliabh.
- RACHAINN amach sa' chuibhreann (= gort).
- RACHAINN go bun iomaire.
- BHUAINFINN preab, agus
- THIONNTÓCHAINN amach na préataí.
- Mur (muna) MBÉADH táiteóir agam,
- CHAITHFINN na préataí ar uachtar leis a'spád.
- Nuair a thiocfadh an táiteóir,
- THÓGFADH sé na préataí isteach i mbaisgéad.
- Nuair a bhéadh an baisgéad lán
- CHUIRFEADH sé i gcliabh iad.
- Nuair a bhéadh an cliabh lán
- RACHAINN agus DHÉANFAINN poll,
- Agus CHUIRFINN na préataí sa pholl.
- Nuair a THIOCFADH an trathnóna
- BHUAINFINN sgráta, agus
- CHUIRFIN na sgráta at na préataíbh.
- CHUMHDÓCHAINN an poll le créafóig.
XLII. —THREABHUIGH SEAGHÁN an PHÁIRC MHÓR i MBLIADHNA.
- CHUAIDH Seaghan i chomhroinn le Paidí Beag ag treadbhadh ar feadh an Earraigh.
- THUG sé leis a' tseirreach (nó an ceaucht) go dtí 'n cheardcha.
- Gur CHUIR an gabha dóigh iurri.
- D'ÉIRIGH sé go luath ar maidin, agus
- CHUAIDH sé a choinne beathaigh Phaidí Bhig.
- CHUIR an ughaim ar na beathchaibh.
- Chuaidh sé amach na' chuibhrinn leó, agus
- CHUIR sa tseirrigh iad.
- THREADBHUIGH sé fód ó bhun go barr na páirce.
- THREABHUIGH sé fód eile ó bharr go bun.
- THREABHUIGH sé iomaire agus iomaire eile.
- THREABHUIGH sé an pháirc go léis.
- Nuair a bhí an pháirc treaibhte aige
- D'FHUIRSIGH sé í, agus
- CHUIR sé iorna innti, agus
- TÁ barr maith oerna innti anois.
XLIII. —BHUAIL UILLIAM A CHUID COIRCE INDÉ
- CHUIR Uilliam cruach coirce i na sgioból.
- THOISIGH sé féin agus a bhuachaill aimsire a' bualadh na coirce.
- CHUIR siad clár buailte ar urlár a' sgiobóil.
- SHOCRUIGH siad sopóg ar an chlár bualite.
- FUAIR 'ach aon fhear aca súiste.
- RUG sia greim ar na lámhchrannaibh.
- SHEASAIMH siad ós coinne a chéile, agus an tsogóg eatorra.
- THUG siad na súistí thart thara n-a gceannaibh.
- BHUAIL siad 'ach aon darna bhuille go raibh an tsopóg buailte.
- THOG siad an cochán, agus
- D'FHÁG an choirce 'na luighe ar an urlár.
- RINN' siad batalla de'n chochán.
- agis RIDEÁLUIGH siad an choirce.
- CHATHAIGH (= glan) siad an choirce.
- CHUIR siad an choirce i málaibh,
- Agus THUG na' mhuilinn é.
- RINN an muillteóir a mheilt 'na mhin.
XLIV. —BUAINT MHONA.
Goidé mar BHUIANEADH muitear BHrisghde a gcuid móna
- LOMADH siad (nó ghlanadh siad) an portach an dtús.
- GHLANADH siad an dá bhachta s' aca féin.
- CHRUINNIGHEADH siad trí nó ceithre fir agus an triúr buachaill s' aca féin.
- HEIBHEADH siad dhá shleaghán agus ceithrebarraí.
- THÉIDHEADH triúr fear chuig 'ach aon shleaghán.
- THÉIDHEADH fear i gceann an tsleagháin agus fear sa' bpoll agus fear is gceann na mbarraí.
- BHUAINEADH siad leó go ham dínneéire,
- agus ó am dínnéire go hoidhche
- Nuair a bhíodh an mhóin buainte aca
- THÉIDHEADH na cailíní na phortaigh, agus
- SPRÉIDHEADH siad an mhóin ar na bachtaibh.
- THIONNTUIGHEADH siad í lá eile.
- Lá eile chuireadh siad i gcróigeáaibh í, agus
- DHÉANADH siad easchróigeána dhí.
- CHUIREADH siad na fóid mhóna i gclampaíbh, agus
- THABHRADH siad leó beathaigh is cartacha agus tharraingeadh siad leó na bhaile iad.
XLV. — AG IASGAIREACHT
A Mháire, goidé mar dhéanadh d'atair iasgaireacht?
- BA ghnátach leis bheith as iasgaireacht ach aon tsamhradh.
- THÉIDHEADH sé un Bhuin Bhig agus CHEANNUIGHEADH sé dórnán cnáibe go gcácáileadh sé an bád.
- GHEIBHEADH sé beagán de thárr fhuair.
- BHEIREADH sé anall é agus CHUREADH sé síos teine agus BHRUITHEADH sé é i bpota.
- CHUIREADH sé sgéala fá choinne saoir bhádh go GCUIRFEADH sé dóigh ar an bhád.
- Nuair a BHÍODH dóigh ar an bhád CHUIREADH sé amach sa traochadh é
- CHRUINNIGHEADH sé a chuid chomrádaí le dl as iasgaireacht leis.
- THÉIDHEADH siad na trágha agus GHEIBHEADH siad sliogáin dhubha agus dórnán slugach.
- I n-amannaibh GHEIBHEADH siad dórnán eascon.
- I n-amannaibh eile GHEIBHEADH siad beagán partán.
- Fá choinne a GCAITHTE thart 'san fhairrge.
- Fá choinne an t-iasg a CHRUINNIUGHADH thart fá'n bhád.
- CHAITHEADH siad amach an ruaim agus a'baoite.
- GJEOBJEADJ soad balláin agus garbhána.
- GHEIBHEADH ach aon duine cúpla duisín sa lá.
XLVI. —AG IASGAIREACHT SGADÁN ARÉIR
- CHUAIDH fuireann bháid amach ag iasgaieacht sgadán
- BHÍ cúigear aca ann.
- LEAG siad a n-eangacha 'san fhairrge.
- Go NDEACHAIDH na sgadáinionnta.
- GABHADH na sgadáin ins na dulaibh.
- THARRAING na hiasgairí isteach na h-eangacha.
- Gur BHUAIN siad na sgadáin asta.
- THEILG siad na sgadáin i dtóin an bháid.
- CHUIR siad na h-eangacha amach arís.
- GO RUG siad ar tuilleadh sgadán.
- RINN siad an rud ceudna arós agus arís
- GO RAIBH an bád líonta le sgadáin (sgadánaibh).
- D'IOMAIR siad gó dtí an caladhphort.
- STIÚRUIGH siad an bád na céidhe.
- CHEANGAIL siad an bád do'n chéibh.
- DHÍOL siad an lasta sgadán le ceannaidhe sgadán
- Ar chuig sgilligne a lán cléibhe.
- THUG siad leó cliabh
- THOMHAIS siad na sgadáin léithe, agus
- D'IOMCHUIR siad na sgadain ar tír ins an gcliabh.
XLVII. —AG SAILLEADH SGADÁN
An Smhradh so chuaidh thart
- CHEANNUIGH Seumas Mac Suibhne fiche lasta sgadán
- CHRUINNIGH sé meitheal ban le n-a nglanadh agus a railleadh.
- FUAIR sé ceud bairille
- CHEANNUIGH sé dhá thonna salainn.
- Cuireadh na bairillí agus an salann síos na chalaidh.
- CHUAIDH na mná síos fós.
- BHí sgiana leó.
- CHROM siad ar ghlanadh na sgadán.
- GHEARR siad a sgórncha agus bhain na putóga asta.
- CHUIMIL siad salann orra.
- GHLÉAS siad isteach i mbairillíbh iad i n-a sraithibh.
- CHROITH siad gearr-chuid salainn ós cionn gach sraithe.
- LEAN siad de sin go raibh na bairillí iíonta.
- THÁINIG an saor baraille gur CHUIR sé an clár ar ghach bairille.
- FÁGADH na bairillí mar sin GO RABH na sgadáin guirt saillte, agus
- CUIREADH tar lear iad go dtí an GHearmáin agus go hAmerioca.
XLVIII. —TÓGTHAR TEACH
- GLANTAR amach áit an tighe.
- CRUINNIGHTHEAR clocha.
- DÓIGHTEAR aol.
- TARRAINGTEAR gainimh.
- MEASGTHAR an t-aol leis an ngainimh.
- CUIRTEAR fá dhéin saor gcloch.
- CUMTHAR na ballaí
- TÓGTHAR na ballaí uile.
- DÉANTAR fuinneoga agus doirse,
- Agus CUIRTEAR isteach iad.
- CUIRTEAR isteach lochta (táilleóg)
- GHIBHTEAR sála agus cleatha.
- BUAINTEAR sgráta
- CUIRTEAR ceann ar an tigh.
- CUIRTEAR fiors ar tuightheóir,
- Agus GLÉASTAR cionn an tighe le tuighe.
- IS amhlaidh TÓGTHAR teach.
XLIX. —CNITEÁIL STOCAIDHE (a)
Goidé mar dhéanfá féire stocaidhe?
- LOMÓCHAINN (nó imfainn) na caoirigh ar dtús.
- BHEIRFINN liom an alann agus NIGHFINN í.
- D'FHUIGFINN anuigh í go dtriomóchadh sí.
- Nuair BHÉADH sí tirm
- PHIOCFAINN (nó dhealóchainn) an olann gharbh ar an alann mhin.
- BHÉARFAINN liom í, agus
- CHUIRFINN ola mhilis uirri.
- BHÉARFAINN liom í, agus
- DHÉANFAINN rollóga dhi.
- BHÉARFAINN liom an túirne annsin, agus
- CHUIRFINN suas í
- SHNÍOMHFAINN liom GO MBÉADH lán fearraide de'ntrnáth thuas.
- BHUAINFINN anuas ó'n fhearsaid é
- Agus CHUIRFINN suas ar chipín eile é
- Go dtí GO NDÉANFAINN suas i n-a cheirtín é
L. —CNITEÄIL STOCAIDHE (b)
- GHEOBHAINN na dealgáin ann sin.
- CHUIRFINN suas béal fá choinne giosán a dheanadh.
- CHUIRFINN suas ocht lúb is fiche ar ach aon deagán
- 'A MBÉADH (=dá mbéadh) an snáth caol,
- 'A MBÉADH an snath reamhar.
- DHÉANFADH caithre lúb is fiche an gnaithe (gnó)
- DHÉANFAINN dhá lúib shleamhain agus lúb tionntuighthe.
- CHNITEÁILFINN liom ann sin go dtí GO MBÉADH sé ag an tsáil.
- THÓGFAINN an tsál
- DHÉANFAINN leath-chromughadh nó níos nó.
- DHRUIDFINN an tsál.
- THÓGFAINN an giallfá (- taobh na sáile).
- CHUIRFINN cumhanglach go dtí go
- MEASFINN nach mbéadh acht oiread lúb is DHEANFADH an bhróg fairsing go leór.
- CHNITEÁILFINN liom ann sin go dtí go mbéadh cromughadh go leith déanta agam.
- RACHAINN a' druid (=druidim) na bróige
- CHUIRFINN cumhanglach ar a dtús agus a deireadh dealgán
- DHÉANFAINN trí cuairt eidir ach aon chumhanglach
- DHRUIDFINN barr na broíge
- DHRISFINN an snáth agus tharraingeochainn thríd ach aon lúb é
- D'OIBREÓCHAINN síos an snáth go dtí barr na bróige.
|
|