|
XI. — DIEIRIM URNAIGHTHE NA MAIDNE
- Nuair ÉIRIGHIM ar maidin
- DEIRIM mo chuid urnaighthe, 'sé sin le rádh —
- FEACAIM no ghlúna
- COISREACAIM mé féin
- DEIRIM an Phaidir
- DIERIM a' t-Abhe Máiria
- DEIRIM Gníomh Creidimh
- OFFRáILIM mé féin, agus mo chuid gníomh do Dhia
- IARRAIM cabhair Dé
- DEIRIM Paidir agus Abhe Máiria ar anamnaibh na marbh
- GUIDHIM GRáSTA DÉ fá choinne mo charad agus mo dhaoine muinteardha
- COISREACAIM mé féin arís
- CRÍOCHNUIGHIM mo urnaighe
- ÉRIGHIM in mo sheasamh arís
XII:— URNAIGHE AN TIGHEARNA
- Ar nAthair ATá ar neamh
- GO NAOMHTAR d'ainm
- GO dTIGIDH do ríoghacht
- GO n'DÉANTAR do thoil ar an talamh
- Mar GHNÍTHEAR ar neamh
- Ar n-arán laetheamhail TABHAIR dúinn indiú
- Agus maith dhúinn ar bhfiacha, mar
- MHAITHIMÍD d'ar bhféicheamhnaidh féin
- Agus NA LÉIG sinn i gcathughadh
- ACHT SAOR sinn ó olc. Amén.
XIII. —FáILTE AN AINGIL
- Dia do bheatha, a Mhuire, ATá lán do ghráta:
- Tá 'n Tighearna leat (nó maille leat);
- IS beannuighthe tú tar na mnáibh, agus
- IS beannuighthe toradh do bhronn, Íora.
- A Naomh Mhuire, a Mhátair Dé,
- GUIDH orainne, na peacaigh, anois agus ar uair ar mbáir. Amén
XIV. —TÉIDHMÍS 'UN AIFRINN
- DI DOMHNAIGH seo chugainn
- ÉIRIGHMÍS go luat (nó go moch)
- SIUBHLAMAOIS go dtí an traen
- FáGHAMAOIS cloicheada (tichéada)
- TÉIDHMÍS go leighirceánnain.
- FáGAMAOIS an traen
- SUIBHLAMAOIS suas an tsráid
- GO SROICHIMÍD an t-árd-Teampall
- TÉIDHMÍS isteach ann.
- CROCHAMAOIS ar hataí i náirde.
- FEACAMAOIS ar nglúna.
- COISREACAMAOIS sinn féin
- ABRAMAOIS ar gcuid urnaighe.
- ÉISTIMÍS an t-aifreann
- ÉISTIMÍS an treanmóir
- ABRAMAOIS na hurnaighthe beaga.
- TIGIMÍS amach aríst, agus
- FILLIMÍS na' bhaile.
XV. —MAR RACHAINN 'UN AIFRINN DIA DOMNHAIGH
- D'ÉIREOCHAINN ar maidin, agus
- CHUIRFINN síos teine, agus
- SGUABFAINN an teach.
- BHRUITHFINN dórnán préataí.
- DHÉANFAINN iad a shioltadh nó a thaomadh.
- CHUIRFINN síos an coire fá choinne braon tae a dhéanadh.
- GHÉOBHAINN an pota-tae agus chuirfinn uisge te ann.
- CHUIRFINN cúpla sponóg tae isteach agus go leór uisge.
- CHUIRFINN an tae amach i mbólaibh, agus
- CHUIRFINN siúcra agus auchdar air.
- THIUBHRAINN (=bhéarfainn) liom arán, agus
- GHEARRFAINN é le sgian.
- GEOBHAINN biota ime agus
- D'FHUIGFINN faoibhthe (fúta) é.
- CHÍORFAINN mo cheann, agus
- NIGHFINN m'aghaidh.
- CHUIRFINN orm mo chuid bróg Domhnaigh.
- CHUIRFINN orm mo chui éadaigh, agus
- RACHAINN 'un aifrinn.
- SHUIDHFINN ós coinne na haltóra, agus
- DEARFAINN mo chuid urnaighthe.
XVI. —NIGHIM AN LEANBH BEAG
- LÍONAIM soitheach le bog-uisge.
- FáGHAIM an soitheach síos ar an urlár.
- FáGHAIM gallúnach agus éadach.
- BEIRIM ar an leanbh.
- SUIDHIM ar chathaoir ísil leis an leanbh.
- SÍNIM an leanbh ar mo ghlúin.
- SáITHIM an leanbh beag isteach 'san uisge,
- TÓGAIM uisge in mo láimh agus fliuchaim an leanbh go léis.
- CUIMILIM an leanbh le gallúnach.
- NIGHIM an gallúnach de'n leanbh.
- TUMAIM an leanbh beag 'san uisge arís.
- TÓGAIM an leanbh ar an uisge.
- COITHEANN sé a cheann agus a lámha.
- RITHEANN an t-uisge dhe.
- TÓGHAIM an t-éadach agus CUIMILIM an leanbh leis.
- TRIOMUIGHIM an leanbh go léir.
- Tá AN LEANBH glan, nighte, agus tirm.
- PÓGAIM mo leanbh bán.
XVII. — MAR NIGHFINN AN LEANBH
Dá mBéadh leanbh le nighe agam.
- GHEOBHAINN sópa agus spuins.
- GHEOBHAINN éadach le n-a thriomughadh.
- NIGHFINN a cheann, agus
- CHUIRFINN isteach 'san uisge é, agus
- NIGHFINN síos é.
- THOGFAINN amach as an uisge é.
- THRIOMÓCHAINN é nuair bhéadh sé nighte.
- CHUIRFINN Iéine air ann sin.
- Agus ann sin CHUIRFINN fáísgtheóir air.
- CHUIRFINN air an chuid eile de na ciertleachaidh.
- CHUIRFINN cóta nó mainte air, agus
- CHOIREÓCHAINN é go galánta.
XVIII. —AG BLEAGHAN BÓ
arsa mise le Brighid, "Goidé mar bhlighfeá na ba?" "Atá," arsa Brighid.
- BHÉARFAINN liom canna agus pigín, agus
- RACHAINN amach 'na boithighe.
- D'FHUIGFINN an canna amach as mo láimh.
- THÓGFAINN an stól, agus
- SHUIDHFINN air faoi 'n bhoin.
- RACHAINN a bhleagha ann sin le mo dhá láimh.
- Nuair BHÉADH sí blighte agam,
- BHÉARFAINN an bainne isteach 'un tighe.
- BHÉARFAINN liom an siolthán, agus
- DHÉANFAINN an bainne a shiolthughadh.
XIX. —ÓRDUGHAD LE TABHAIRT DO SHEAGHáN
- ÉIRIGHEADH Seaghán ar maidin.
- CUIREADH sé air a chuid éadaigh.
- FAGHADH sé a bhreacfasta.
- GLACADH sé bata i n-a láimh.
- SGAOILEADH sé amach Maoiligh.
- TIOMáMEADH sé 'un aonaigh i.
- DÍOLADH sé í.
- Má'S FÉIDIR leis é,
- Ná GLACADH sé níos lugha uirri 'ná deich bpúnta, acht
- Ná FILLEADH sé 'na bhaile leithi
- Má GHEIDH sé an méid sin.
- CEANNUIGHEADH sé mála min bhurdhe
- Agus máilín plúir.
- CUIREADH sé an mhin ar chairt Phadí Órighde,
- agus BÍODH sé 'sa bhaile roimh an oidhche.
XX. —MAR DÉANTAR CONNRADH AR AN AONACH
- BEIRTEAR amach dó mhochuis.
- TIOMáINTEAR go cúramach í.
- SIBHALTAR go sochar léithe.
- SROICHTEAR an t-aonach fá mheadhón-lae.
- CEAPTAR an bhó isteach i lár an aonaigh.
- Má IARRTAR fiche púnta ar an bhoin,
- TAIRGTHEAR búig púnta deug uirri.
- Ann sin SGOITTHEAR an deithbhir.
- BUAILTEAR basa air, agus
- DÉANTAR conradh dhe.
- DÍOLDAR ar an mboin, agus
- ÓLTAR beoch mar gheall ar an gconnradh.
|
|