|
LI. —LOMADH CHAORACH INDÉ
- LOM Seaghán Mór a chuid caorach.
- Chuaidh sé amach na' chnuic
- BHí a mhadadh leis, agus
- CHRUINNIGH sé isteach a chuid caorach.
- D'IMTHIGH sé agus fruair sé deimheas ar iasacht.
- RUG Seaghán Mór greim ar cheann de na caoiribh.
- LEAG sé an chaora ar an talamh
- CHEANGAIL sé triúr de n-a cuid cos le chéile
- RUG sé ar an deimheas i n-a láimh dhais.
- LOM sé muinéal agus ucht na caopra.
- LOM sé leathtaobh na caora.
- THIONNTUIGH sé an chaopa agus LOM sé an taobh eile.
- SGAOIL sé dosa na caorach.
- D'ÉIRIGH an chaora na seasamh.
- Ann rin LOM sé oruim na caora, agus a hearball.
- Nuair a BHÍ sé réidh (=críochnuighthe) le lomadh na caorach.
- THUG sé leis íoc-uisge agus thum sé an chaora ann, agus
- CHUIR sé comhartha tárra ar a leathtaoibh a gheall ar gan í chailleadh
LII. —BHUAIN DOMHNALL LEAS-FAIRRGE I N_URAIDH.
- D'ÉIRIGH Domhnall go lauth ar maidin.
- MHUSGAIL sé a cheathrar mac.
- CHUAIDH siad síos na chuain.
- CHUIR riad amach an bád.
- CHUIR siad isteach a gcuid oirnéir (=iurléir)
- Sé sin le rábh:—
- Rámha agus seolta agus corrán mór leís a leathach a bhuaint.
- CHUAIDH ceithre mic DHomhnaill ag iomramh,
- Agus CHUAID Domhnall ar a stiúir.
- Nuair CHUAID siad giota fuair siad cóir
- THARRAING siad isteach a gcuid rámhaí, agus
- CHUIR siad suas seol.
- STIÚIR (nó STIÚRUIGH) Domhnall an bád go dtí n áit a rabh an leathach.
- BHUAIN sé anuas a shéol agus chuir amach an corrán mór.
- THOISIGH sé a buaint an leathaigh,
- Agus THOISIGH na mic a tarraint an leathaigh isteach ins a bhadh
- Go dtí GO RABH lasta aca.
- Mar NACH RABH cóir aca,
- B'éigin dóibhthe (=dóibh) iomramh na bhaile.
- Nuair THÁMIG siad isteach na chuain
- CHUIR siad amach an lasta ar an chéidh.
- Nuair a BHí an lasta ar an chéidh aca
- THUG ach aon fhear aca leis cliabh.
- D'IOMCHUIR siad an leathach ar chuibhreann préataí.
- Spréidh siad an leathach ar na hiomaireachaibh.
|
|