p h o u k a   h o m e i r i s h   l e s s o n s   h o m e
next


title
note
preface
intro
[1][2][3]


series I
series II
series III
series IV
series V
series VI
subjuntives
summary

 

 

 

XXXI. —AG DUL AG OBAIR (3)

  1. ÉIRIGHIM ar maidin.
  2. CÓIRIGHIM mé féin.
  3. CAITHIM mo bhreadfasta.
  4. FáGHAIM an teach.
  5. GABHAIM ar arbad coitcheann.
  6. SROICHIM an oific ag a deich a chlog.
  7. CUIRIM m' ainm i leabhar.
  8. TÉIDHIM i gcionn iobre.
  9. 'Sé sin le rádh—
  10. GHEIBHIMLEABHRA le n-a gsrúdughadh.
  11. GHEIBHIM peann agus dubh.
  12. GHEIBHIM páipéar súighte.
  13. SGRÚDUIGHIM na leabhra, agus
  14. MIONSGRÚDUIGHIM iad.
  15. Má GHEIBHIM locht nó éarráid ionnta,
  16. SGRÍOBHAIM casaoid, agus
  17. CEARTUIGHIM na leabhra.
  18. FILLIM na' bhaile tráthnóna.

XXXII. —AG SEALGAOREACJT

i mbárach

  1. RACHAIDH na daoine uaisle as sealgaireacht, sé sin le rádh—
  2. BHÉARFAIDH siad leó a ngunnaí.
  3. CUIRFIDH siad púdar agus min-philéirí ionnta.
  4. SGAIRTFIDH siad ar an ngadhraibh.
  5. BHÉARFAIDH siad leó a ngoillaí, agus
  6. SIUBHALFAIDH siad 'un t tséibhe.
  7. Má CASTAR cearca fraoich orra,
  8. SGAIOLFIDH siad na gunnaí leó.
  9. MUIRBHFIDH siad cuid aca.
  10. IMTHEACHAIDH na gadhair, agus
  11. IOMCHUIREACHAIDH siad na cearca marbha go dtí na sealgairí.
  12. SIUBHALFAIDH na sealgairí leó giota eile.
  13. EIREOCHAIDH gearrfhiadh.
  14. LAMHÓCHAIDH fear aca an gearrfhiadh.
  15. RACHAIDH madadh fá n-a dhéin.
  16. DÉANFAIDH siad amhlaidh rith an lae.
  17. FILLFIDH siad na' bhaile trathnóna.
  18. BÉIDH tuirre mór orra.
  19. RACHAIDH siad dhó luighe.
  20. CODLóCHAIDH siad go rámh go maidin.

XXXIII. —CHUADHMAR 'UN IONAIGH

  1. ARSA Máire liom féin:
  2. RACHAMAOID 'un aonaigh.
  3. TáIM sásta, arra mise; mar sin de—
  4. GHLÉASAMAR sinn féin.
  5. UGHMUIGHEADH an capall gorm.
  6. CUIREADH 'sa charr é.
  7. CHUADHMAR ar an gcarr.
  8. THáINIG an buachaill linn ag tiomáint.
  9. BHUAIL sé an capall leis an lasg.
  10. D'ÉIRIGH an capall i n-áirde, agus D'IMTHIGH leis ar cosanáirde.
  11. CHOISG an buachaill é leis an srian.
  12. SHOCRUIGH an capall ar sodar
  13. THRIALLAMAR linn go dtí go rabhamar as tigh Ghráinne Ní Chiaráin.
  14. Teach ósda IS EAD teach Ghráinne.
  15. THUIRLINGEAMAR d'n gcarr.
  16. BHUALIEAMAR isteach 'un tighe.
  17. SGAIRTEAS ar thrí ghloinidh biotáille.
  18. D'ÓLAMAR an bhiotáille.
  19. BHÍOLAS ar ason.
  20. CHUADHMAR ar an gcarr arís.
  21. THIOMáINEAMAR linn 'un aonaigh.

XXXIV. —DHÍOL SEUMAS A CHUID EALLAIGH AR AONACH MÍN-A'-LEICE.

Dia Céadaoine seo CHUAIDH thart.

  1. THUG Seumas leis ceithre bulóga agus bearach go haonach Min-a'-Leice.
  2. CASADH ceannuidhe air ag 'ul isteach 'un aonaigh dhó.
  3. D'FHIAFRUIGH sé de Sheumas cá mheud a bhí sé d-iarraidh ar an eallach.
  4. D'IARR Seumas naoi bpúnta an ceann orra.
  5. THAIRG an ceannaidhe teacht bpúnta sa' deich a' ceann dó orra.
  6. CHá GHLACFADH Seumas an meud a bhí an ceannuidhe a thairgsint dó.
  7. Acht DUBHAIRT sé go sgoiltfeadh sé an deithbhe a bhí eatorra.
  8. THUG an ceannaidhe isteach go mbéadh siad aige ar an airgead sin.
  9. Agus THUG sé púnta éarlair dó.
  10. CHUIR siad an t-eallach isteachi bpóna.
  11. DHÍOL an ceannaidhe Seumas ar son a chuid eallaigh.
  12. THUG Seumas leathch'róin ar ais do ar ach aon cheann aca.
  13. D'ÓL siad leath-ghlaine uisge beatha 'ach aon duine aca, agus
  14. D'IMTHIGH siad na' bhaile.

XXXV. —AN SPEALADÓIR

Indé

  1. D'áRDUIGH Micheál a speal ar a ghualainn.
  2. D'IMTHIGH sé síos an míodún (nó an leauna, nó an mhóinfhéar).
  3. DO LEAG sé an speal dá ghualainn.
  4. RUG sé ar an chloich speile.
  5. DO CHUIR se faobhar ar an speil.
  6. Agus do THOISIGH sé a' buaint.
  7. DO BHUAM sé sraith ó chlaidhe go claibhe.
  8. DO DHÍRIGH sé a dhruim.
  9. DO SHIUBHAIL sé ar air.
  10. DO THOISIGH sé ar bhuaint arís.
  11. Do BHAUIL sé nead beach leis an speil.
  12. D'EIRIGH na beacha.
  13. D'EITILL siad thart thimchioll air.
  14. DO CHUIR ceann aca dealg (nó gath, nó colg) ann.
  15. DO CHUIR siad tóir air.
  16. DO THEITH Micheál, agus
  17. D'IMTHIGH sé leis na' bhaile.

XXXVI. —CHUIR TOIRDHEALBHACH A CHUID GABáISTE DIA HAOINE SO CHUAIDH THART—

  1. CHEANNUIGH Thoirdhealbhach ceithre cheud plannda gabáisde ar an margadh.
  2. D'IOMCHUIR sé na bhaile ár a dhruim iad, agus lá ar n-a bhárach—
  3. ROMHAR sé an garrdha ó chúinne go cúinne.
  4. BHUAIN sé puill ins an ithir leathtroigh ar dhoimhne.
  5. D'FHáG sé gas gabáisde in gach pholl.
  6. D'IOMCHUIR sé aoileach o'n charn aoiligh,
  7. agus CHUIR sé lán gaibhle d' aoileach le gach gas.
  8. CHLÚDAIGH sé cos gach ghais le criaidh.
  9. BHRÚIGH sé an chré síos fá'n ghas.
  10. CHLÚDAIGH sé cos gach ghais le criaidh.
  11. BHRÚIGH sé an chré síos fá'n ghas.
  12. SHEASAIMH sé ar an cgriaidh le n-a dhá chois gur dhaingnigh sé í.
  13. FUAIR sé soitheach uisge,
  14. Agus GHÓIRT sé steall uisge ar gach gas.
  15. MHÍNIGH sé an ithir arís.
  16. IS mar sin a chuir Toirdhealbhach a chuid gabáisde.

XXXVII. —MISE AGUS MO BHUACHAILL

  1. ÉIRIHIM ar maidin.
  2. IARRAIM cabhair Dé.
  3. NIGHIM mo lámha agus m'aghaidh.
  4. SGAIRTIM ar mo mhadadh.
  5. MUSGLAIM an buachaill aimsire.
  6. TÉIDHMÍD amach i gcuidheacht a chéile.
  7. TABHRAMAOID féar do na ba.
  8. TABHRAMAOID féar agus arbhar so na capallaibh.
  9. IOMCHRAMAOID uisge do na beathachaibh go léis.
  10. DÉANAMAOID ar mbreacfasta.
  11. UGHMUIGHMÍD na capaill,
  12. Agus CUIRIMÍD 'sa tseisrigh iad (nó sa cheucht).
  13. TOISIGHMÍD ag treabhadh
  14. TREABHAMAOID linn go dtí'n iodhche.
  15. CAITHIMÍD an lá ag abaoir agus ag gabháil cheoil.
  16. FILLIMÍD na' bhaile trathnóna.
  17. CODLAMAOID go sámh 'san oidhche.

XXXVIII. —AG FUAGHáIL CHNAIPE ARÉIR

  1. CHUAIDH mé isteach in mo sheomra leaptha.
  2. TUG mé liom mo chasóg Dhomhnaigh.
  3. THáINIG mé i ghfus go dtí an tiene.
  4. DO LAS mé an coinneal.
  5. DO SHUIDH mé ar stól cois na teineadh.
  6. Agus do DHEARG mé mo phíopa.
  7. FUAIR mé snát agus snáthad.
  8. FUAIR mé cnaipe in mo phóca.
  9. THOISIG mé a fuigháil, 'sé sin le rábh—
  10. CHUIR mé an snáth thríd chró na snáthaide.
  11. Cas mé an snát.
  12. DO LEATH mé an chasóg ar mo ghlúin.
  13. DO SHOCRUIGH mé an cnaope ar an éadach.
  14. DO SHáITH mé an tsnáthad anós thríd pholl.
  15. DO SHáITH mé an tsnáthad síos thríod pholl eile.
  16. D'FHáISG mé an snáth.
  17. RINN' mé an rud ceudna fiche uair.
  18. DO THOCHRUIS mé an snáth thart fá'n chnaope.
  19. CHUIR mé faic no dhó 'san éadach,
  20. Agus do GHEARR mé an snáth.

XXXIX. —AN DÓIGH LE LITIR DO SGRÍOBHADH.

Dá n-iarrfadh duine orm litir do sgríobhadh cad do dhéanfainn?

  1. GHEOBHAINN páipéar, peann agus dubh.
  2. THARRAINGEOCHAINN mo chathaoir 'na chláir.
  3. D'FHOSGLÓCHAINN an páipéar.
  4. LEATHFAINN amach é.
  5. THUMFAINN an peann ins an dubh.
  6. CHEISTEOCHAINN an fear caidé theasduigh uaidh.
  7. THOISEÓCHAINN ar sgríobhadh, agus
  8. SGRÍODHFAINN liom
  9. GÓ GCRÍOCHNÓCHAINN an litir.
  10. THRIOMÓCHAINN le páipéar súighte í.
  11. CHÓIMHFHILLFINN an litir, agus
  12. CHUIRFINN i gcumhdach í
  13. DHRUIDFINN an cumhdach, agus
  14. SGRÍODHFAINN an seoladh air.
  15. BHÉARFAINN an litir do'n fhear.
  16. GHLANFAINN mo pheann, agus
  17. D'FHUIGFINN na ruda i dtaisgidh arís.

XL. —CUIRIM PRÉATAÍ

  1. ROMHRAIM an talamh a' cheud uair ( = ar dtús)
  2. Nuair a bhíor an talamh romhraiste (= romhartha).
  3. FUIRSIGHIM an talamh.
  4. BHEIRIM liom dorus agus spáid (rán).
  5. DÉANAIM iomairí.
  6. Nuair atá na hiomairí deanta
  7. SGAIRTIM ar an gcaibeálaidhe.
  8. TIG an caibeálaidhe leis na sgoilteáin.
  9. DÉanaim buill leis a' spáid.
  10. FáGHAIM leathtroigh ridir gach aon pholl.
  11. DÉanaim poll úr agus
  12. CATTHIM an chréafóg ar an sgoilteán atá 'sa pholleile.
  13. Nuair a bhíos iomaire curtha agam
  14. TÉIDHIM ar air agus ghním an chréafóg comhthrom leis a' spáid (rán)
  15. CUIRIM an bcaibeálaidhe a choinne tuillidh sgoilteán.
  16. CUIRIM an cuibhreann uilig mar sin. .

 

 

contact me!
teaching irish - macGinley - 1902
©2008 phouka.com