|
XXI. BAISTEADH
- ADEIR SEAGHáN LIOM—
- GO RUG bean Chonchobhair páisde oidhche Dia hAoine a chuaidhthart.
- GO RAIBH baisteadh i dtigh Chonchobhair. Dia Domhnaigh.
- GUR BH' iad Seumas Ó Cuinn agus Gráinne Nic Aodha a bhí mar Cháirdeara Críost ann.
- Go nDEACHAIDH siad féin agus ConChobhar amach leis an pháisde
- Gur BAISDEADH é ag an tigh phobuil.
- Gasúr a BHÍ ann, agus
- BAISTEADH Tadhg air mar ainm.
- 'Sé sin aimn a athar mhóir.
- ADEIR Seaghán go raibh cruinniughadh mór as an bhaisdeadh.
- Go NDEARNADH fleadh mhór dóibhthe, agus
- Gur ITH siad, agus
- Gur ÓL siad a sáith.
- GO RAIBH siad ag gabháil cheíol, agus
- Ag déanamh grinn go dtí an meadhón-oidhche,
- Agus go nDEACHAIDH siad na' bhaile go meidh-reach.
XXII. —BAISTEADH LEINBH
- CHUAIDH mé féin agus Máire le leanbh go dtí an tseipéal.
- CUIEADH fá dhéin an tsagairt
- THáINIG an sagart.
- D'FHIAFRUIGH sé dhínn an gasúr nó girrseach a bhí againn.
- DUBHAIRT sinn gur girrseach a bhí linn.
- D'FHIAFRUIGH sé an t-ainm.
- DUBHAIRT sinn Caitlín.
- FUAIR sé ola agus uisge, agus
- LAS sé coineal.
- CHEISTIGH sé an leanbh.
- THUGAMAR freagra ar son an leinbh.
- LÉIGH sé oifig an bhaistidh i Laidin.
- THUG sé Caitlín mar aimn ar an leanbh.
- CHUIR sé ola ar a leanbh.
- DHÓIRT sé uisge ar a cheann.
- agus DUBHAIRT sé
- BAISDIM thú i n-aimn an Athar agus an Mhic agus an Spoioraid Naoimh.
- CHUIR sinn ar n-ainmneacha i leabhar,
- Agus Tháinig sinn na' bhaile.
XXIII. — PÓSADH
Coithighis ó shoin.
- BHÍ fonn pósta ar Pheadar Mhór.
- D'IARR sé a inghean ar Chonall Bhuidhe.
- THUG Conall a inghean tó.
- RINNEADH cleamhnas eatorra.
- GHEALL Conall sé cinn éalaigh mar spré le n-a inghin.
- BHÍ Peadar sásta leis sin.
Mar sin de
- CHRUINNIGH siad bainis mhór.
- CHUAIDH siad go dtí an tigh phobuil Dia Domhnaigh.
- PÓSADH iad.
- D'FHILL siad na' bhaile arís.
- BHÍ dinnéir ghalánta réidh (nó ullamh) fá n-a gcoinne.
- D'ITH siad agus dol siad a sáith.
- BHÍ an Píobaire Mhór i láthair.
- THOISIGH siad a' damhsadh,
- Agus ag gabháil cheoil.
- BHÍ a lán grinn aca.
- D'FHAN siad ann sin go dtí 'n mhaidin.
XXIV. —FAIRE AGUS TÓRRADH
An tseachtmhain so chuaidh thart.
- FUAIR Toirdhealbhach Thuathail bás.
- CHRUINNIGH na comhursana isteach an oidhche sin, agus
- BHÍ faire ann go maidin.
- CHAITH siad tobac.
- D'ÓL siad tae.
- DUBHAIRT siad an Paidrín Páirteach.
- Lá ar n-a bhárach THáINIG dream eile.
- SHUIDH siad ag faire an oidhche sin arís.
- Ar an óirthir BHÍ tórradh ann.
- CUIREADH Toirdhealbhach isteach 'sa comhra.
- DRUIDEADH síos an clár air.
- D'IOMCHUIR na comhursana an coppan go dtí an roilig
- THáINIG an sagart.
- DUBHAIRT sé na paidreacha.
- BHEANNUIGH sé an chré.
- CUIREADH an comhra 'san uaigh.
- CUIREADH an chréafóg air, agus
- B'É sin deireadh Toirdhealbhaigh ar an tsaoghal seo.
XXV. —TÉIDHMÍS GO DTÍ AN t-OIREACHTAS
Arsa Conchobhar liom féin—
- TÉIDHMÍS go dtí an t-Oireachtas,
- 'Sé sin le rábh—
- ÉIRIGHMÍS go luath (nó go moch).
- SIUBHLAMAOIS go port an bhótheir iarainn.
- CEANNUIGHMÍS cloicheada.
- TÉIDHMÍS ar an traen.
- BÍODH toit againn 'sa traen,
- Agus BÍMÍS go sásta go dtí go
- SROICFIMÍD Baile-áta Cliath.
- TUIRLINGIMÍS ag Sráid Amien.
- BÍODH béile bídh againn.
- ÓLAMAOIS goine leanna.
- SIUBHLAIMAOIS linn go dtí 'n Rotunda,
- Agus FEICIMÍS an t-Oireachtas.
XXVI. —TÉIDHMÍD GO DTÍ AN t-AMHARCLANN.
- ARSA Máire liom féin:
- TÉIDHMÍS go dtí an t-amharclann.
- ARSA mise, TáIM sásta. Mar sin de,
- CÓIRIGHMÍD sinn féin.
- CUIRIMÍD orainn ar hataí agus an gcótaí.
- FáGAMAOID an teach.
- SIUBHLAIMAOID síos an tsráid.
- TÉIDHMÍD ar an gcarbad choitchoinn.
- SROICHEAMAOID an chathair.
- TUIRLINGMÍD d'n charbad.
- CEANNUIGHMÍD clicheada.
- SIUBHLAIMAOID isteach, 'san amharclann.
- SUIDHMÍD síos ar shuidheachán.
- ÉISTIMÍD leis an gceól.
- FEUCHAMAOID ar an dráma.
- GHNÍMÍD gáire leis an ngreann.
- Agus nuair ATá an drána críochnuighthe
- FáGAMAOID an t-amharclann, agus
- FILLIMÍD na' bhaile.
XXVII. —RACHAINN AG IASGAIREACHT
- Tráth BHÍOS in mo Bhrian Óg.
- BHÍNN ag eitheamh le lá fliuch
- A DÉANFADH tuile ins an abhainn.
- Go RACHAINN ag iargaireacht, 'sé sin le rábh:
- GHEIBHINN slat iargaireachta agus dorugha.
- CHEANGLAINN dá dhubhán ar an dorugha.
- CHUARTUIGHINN cuiteagoa (nó cnumha) mar baoite.
- CUIRINN cuiteag ar ghach dubhán.
- THÉIDHÉADH Seaghán Thoirdhealbhaigh liom ag iargaireacht.
- THÉIDHMÍS go dtí abhainn.
- SHEASAMAOIS ar bhruach na haibhne.
- CHAITHIMÍS na dubháin isteach 'san uisge.
- THIGEADH breac ag cogaint na gcnumh.
- MHOTHUIGHINN an breac ag tarraint ar an dorugha.
- THARRAINGINN an tslat.
- THÓGAINN an breac amach ar an mbruach.
- CHUIRINN an breac ar ghad.
- Nuair BHÉADH lán gaid breac gaibhte agam
- D'FHILLINN na' bhaile.
XXVIII. — AG BUAINT SEAMRÓG TRáTHNÓNA DIA SATHAIRN
- GHLUAIS mé féin is mo chéile ag buaint seamróg.
- SHIUBHLAMAR linn gur casadh dhúinn páirc ghlas.
- CHUADHMAR isteach innti.
- CHUARTIGHEAMAR seamróga.
- BHÍODAR ag fás go tiugh.
- BHUAIMEAMAR beart aca.
- D'FHILLEAMAR na' bhaile arís.
- DO PHIOCAMAR (nó thoghamar) na seamróga a b'fhearr.
- CHUIREAMAR i mbocraidh iad.
- CHLÚDAIGHEAMAR na bocsaí le páipéar.
- SGRíOBHAMAR seoladh ar ghach ceann aca.
- SUGAMAR go dtí tigh an phuist iad.
- CHUIREAMAR na bocsaí tar lear go dtí cáird fá choinne Lá Féile Phádraig.
- SHROICHEADAR na cáirde sin gan mhoill.
XXIX. —AG DUL AG OBAIR (1).
- EIRIGHEANN Seaghán ar maidin.
- CHUIREANN sé air a chuid éadaigh.
- DEIR sé a chuid urnaighthe.
- ITHEANN sé a bhreadfasta.
- BEIREANN sé leis spáid (nó rán).
- TÉIDHEANN sé go dtí Seumas Mór ag obair.
- ÓRDUIGHEANN Seumas dó dhul a bhuaint phréataí.
- SIUBHLAINN sé go dtí an duibhreann (nó gort).
- BUAINEANN sé préataí rith an lae.
- GHNÍ sé an rud ceudna an arna lá.
- GHNI sé an rud ceudna ar feadh seachmhaine.
- I n-a dhiardh sin CUIREANN Seumas é ag cóiriughadh an tighe.
- CÓIRIGHEANN sé an teach, agus
- BUAILEANN sé arbhar, agus
- BUAILEANN sé maistreadh.
- GHNÍ sé mórán timthireachta fá'n tigh.
XXX. — AG DUL AG OBAIR (2)
- Tá Máire 'na cailín aimsire.
- ÉIRIGHEANN sí ar maidin go luath (nó go moch).
- CUIREANN sí síos teine
- GHNÍ sí an breacfasta.
- NIGHEANN sí na soithighe, agus
- GLANANN sí an teach.
- BLIGHEANN sí na ba.
- SGAOILEANN sí na ba amach 'na páirce.
- TUGANN sí bainne do na gamhnaibh.
- TUGANN sí a gcuid bídh do na mucaibh agus do na cearcaibh.
- BEIREANN sí isteach uisge agus móin.
- CUIREANN sí tuilleadh móna ar an teinidh.
- DÉANANN sí an dínnéir.
- GLANANN sí an clár agus an teach arís.
- SGUABHANN sí an teach.
- BUAILEANN sí maistreadh, agus
- TÓGANN sí an t-im.
- Nuair BHÍOS gach uile rud déanta aici
- TÉIDHEANN sí dho luighe, agus
- Codlann sí go ráimh go maidin.
|
|